Scoil: Naomh Breandán, Baile na nGall (uimhir rolla 14480)

Suíomh:
Baile na nGall, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Tadhg Ó Caomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 317

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 317

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Naomh Breandán, Baile na nGall
  2. XML Leathanach 317
  3. XML “Filí an Bhaile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí file i mBaile Dhábhadh tá tamall ó shoin agus do dhein sé an t-amhrán so. Is do fear a bhíodh ag tómhas talmhan do dhein sé é.
    I.
    Do ghluais chúghainn an lacha bhréagh ghléigeal,
    I dtosach an lae is an mhí, is do thairring sé a mhapaí le chéile
    Is ba ró ghéar go ndein sé píosaí.
    II.
    Ar maidin do chúala-sa an t-éirleach,
    Is do mheasas gur fórsa é ó'n Rí,
    Do dheineas fé dhún na h-áifisc,
    Mar ná raibh cúntas agam ar aon-nídh.
    III.
    Do bhí demesne bheag dheas agam féinig,
    Do chotuigeadh mo laogh is mo bhúaibh,
    Do tharring sé claidhe trí na taobh deas,
    Is bóthar fada gléigeal tríthe aníos
    IV.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tadhg Ó Caomháin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Ceallacháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile na hAbha, Co. Chiarraí