Scoil: Naomh Breandán, Baile na nGall (uimhir rolla 14480)
- Suíomh:
- Baile na nGall, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tadhg Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cistí óir i bhfolach. Deir na sean-dhaoine go raibh ór i bhfollach ins an Mhullach. Níl fhios ag na daoine cé chuir i bhfollach ann é.
Deirtear gur minic a chuaidh daoine á chúardach ach gur bean do fúair cuid do.
Lá agus í ag siubhal i n-aice na h-áite sin do chonnaic sí leac cearnógach. Do thóg sí é agus fúair sí búatais óir fé.
Do thug sí abhaile é agus as san amach bhíodh sí á roinnt ar na boicht.
Do chuaidh a lán daoine ag cúardach na h-áite sin ach ní bhfúair aoinne eile í.
Fúair mé an scéal só ó Cáit Bean Uí Ceallacháin, Baile na h-Aba , BailenaGall, Daingean. Co. Ciarruidhe.- Bailitheoir
- Tadhg Ó Caomháin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Cáit Bean Uí Cheallacháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile na hAbha, Co. Chiarraí