Scoil: Scoil N. Íde

Suíomh:
Márthain, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Éamonn Ó Catháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 213

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 213

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Íde
  2. XML Leathanach 213
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí fear ann fadó. Do mhair sé i GCaisleán Ghallerus. Bhé an ainm a bhí air ná Liam |Dhreóidh Mac Gearailt. Ba leis talamh Ghalluras go léir. Dá raghadh bó nú capall ná aon rud isteach na chuid talmhan do choiméadfad sé é. Do théighead a lán ba is caoire isteach ann agus do choimeádfadh sé iad. Do bhí fear bocht ar an mbaile agus an uair seo do chuaidh a asal isteach ann.
    Dúbhairt sé na féadfadh sé faic a dhéanamh gan an t-asal. Dubhairt na daoine leis go mbearra dho gan dul chuige acht dúbhairt sé go raghadh mar gan an t-asal ná féadfadh se aon nídh a dhéanamh. Dúbhairt na daoine leis gan dul. D'imthig se agus fuair se an t-asal. Tráthnóna nuair a chonnaich na daoine é ag teacht do chuadar amach roimis. Do bhíodar go léir dá fhiafhruighe do conus a bhfuair sé an t-asal. Sé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Mhuircheartaigh
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Mhuircheartaig
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gallaras, Co. Chiarraí