Scoil: Scoil N. Íde

Suíomh:
Márthain, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Éamonn Ó Catháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 158

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 158

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Íde
  2. XML Leathanach 158
  3. XML “Máire Ní Chiostaile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bean bhocht ar an mbaile seo do b'eadh Máire Ní Chiostaille. Chuaidh sí ag baint duilise 'an Bhéadrach - Carraig mór atá amach ós na trí deifearacha. Bhí seigleán ag rith treasna ach nuair a bhíodh an taoide lán deintí oileán den Bhréadrach
    Bhí Maíre ag priocadh lei agus a cheann fuithi aici agus níor thóg sí aon ceann don taoide ag líonadh. Nuair a dféuch sí timpal bhí sí ar oileán gan dul ar teacht as aici go dtrágfadh an taoide.
    Chaithfeadh sí a drom do thabhairt dos na tonnta bhíodar chomh fíochmhar san, agus eagla a dóthain uirthi.
    Do chualaidh sí an ceol ba bhinne dá gcualadh sí riamh, ach is dócha go raibh i n-iomad anabháth urthi chun subháilceas ná aoibhneas d'fághail ann. Chualadh sí an guth ag gabháil leis an gceol agus ag canadh mar seo:-
    Muna dtaithuigheann an ceol leat
    Iompuig do thón leis,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge