Scoil: Scoil N. Íde
- Suíomh:
- Márthain, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Éamonn Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Íde
- XML Leathanach 146
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí bheirt pháirtidhte i bParóiste na Cille fadó
Ó Conchúbhair dob eadh duine acu agus Loingseach dob
eadh an duine eile. Fé mar a thuillidís an phingin
d'olaidís é. Aon lá amháin dúbhrádar le-na chéile
go raibh sé i n-am (agail) aca rud éigin do dhéanamh
dóibh féin i gcóir a saoghail agus deireadh chur
leis an ólachán.
D'imigh i duine aca ar bhórd árthaigh
agus an duine eile i n-aimsire do féin. Sar ar
dh'imigh sé dhein sé suas a aigne gan pingin
ná scilling do chaitheamh no go mbeadh costas
Mhericá aige. Bhí go maith agus ní raibh go holc
* bhailibh sé costas Mhericá agus nuair a bhí sé
ullamh ar bórd árthaigh cé chífead sé san árthach
ach a pháirtíodht. D;aithnigheadar a chéile go maith.
Rug an Conchúbhrach an Loingseach go tig an óil
chur deoch dighe bhéith aige agus d'fágadar ag
an tábhairne gan pingin na phóca age Loingseach
ná raibh caithte aige. Nuair a tháinig a mheabhair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Mhaeleóin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Clochán Dubh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Maeleóin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Seoladh
- An Clochán Dubh, Co. Chiarraí