Scoil: Scoil N. Íde

Suíomh:
Márthain, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Éamonn Ó Catháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 134

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 134

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Íde
  2. XML Leathanach 134
  3. XML “Luibh an Mhilleadh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Luibh é seó go raibh leigheas ann do gach saghas tinnis , nú leónadh, nú cnapán. Do bhíodh an luibh seó ag fás i mórán áiteanna agus sa bhfaill. Do bhíodh leisge ar aénne í bhaint mar bhí milleadh dhá leanamhaint don té bhainfeadh í.
    Bean go raibh a fear go dona theastuig an luibh seó uaithi chun leighis do dhéanamh . Thug sí léi córda agus an madra agus d'aimsig sí an luibh. Cheangal sí an luibh leis an gcórda agus cheangal sí an córda do eirbeall an madra.
    Ghlaoidh sí chúichí ar an madra agus stathadh an luibh, agus bhuaileadh an madra dall. Dhein sí an luibh a bheirbhú agus thug trí spionóg don uisge dá fear agus bhí sé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge