Scoil: Scoil N. Íde
- Suíomh:
- Márthain, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Éamonn Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Íde
- XML Leathanach 132
- XML “An Chúileann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bean a bhí sa Cholony ní fheadair aénne cad as go dtáinig sí. Bhíodh sí i mbothán bheag léi féin.
Bhiodh doicheall ar dhaoine roimpi nuair a chídhfidís ag teacht í, mar siúrálta glan thuitfeadh rud éigin amach taréis í imtheacht.
Thainig sí isteach lá go dtí tig ar an mbaile . Bhí crain agus ál banbh sa chistin. Nuair a d'fhág an bhean ní t-állfadh an chráin dos na banbhaí. Bhí na banbhaí ag imtheacht tímcheall na cistineach as a meabhair lé ocras, agus ní raibh deóir lé fághail aca. B'seo lé bean an tíghe go mbain sí amach an Chúlfhionn agus chuir iacall uirthi teacht arís agus a silleadh a chaitheamh ar an gcráin. Do th-ál(leanann ar an chéad leathanach eile)