Scoil: Scoil N. Íde

Suíomh:
Márthain, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Éamonn Ó Catháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 113

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 113

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Íde
  2. XML Leathanach 113
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí baintreach bhocht na cómhnaidhe i dtig beag fadó agus bhí aon mhac amháin aici. Seán a b'ainm do agus amadán do b'eadh é. Bhí sé cómh mór agus cómh láidir lé fathach ach bhí sé ana óg. Nuair a theastóchadh uaidh suidhe is amhlaidh a chuirfeadh sé a dhroim leis an dteine mar dá gcuirfidh sé a chosa léi bheadh a dhroim i n-aicean duiris agus bheadh sé leath-ta.
    Aon lá amháin bhí sé ag féachaint suas ar frathacha an tíghe chonnaic sé claidheamh meirgeach anáirde. D'éirigh sé agus thóg sé anuas é. Bhí ainm athar scríobhtha air agus an gaisge a dhein sé. Bhí ana áthas air agus thosnuig sé ag glanadh an chlaidhimh. Níor stad sé nú go raibh sé cómh glan lé sgilling aige. Annsan dúbhairt sé lé na mháthair go raghadh sé ag obair do féin. Bhi ana áthas uirthi mar ná raibh sí ábalta ar bhiadh a sholáthar do.
    D'imthigh sé air gur bhuail cailín leis agus í ag gol. Dúbhairt sí gurbh í inghean an rí í agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáitlín Ní Ghairbhíghe
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Séamus Ó Laoí
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Fheothanach, Co. Chiarraí