Scoil: Scoil N. Íde

Suíomh:
Márthain, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Éamonn Ó Catháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 111

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 111

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Íde
  2. XML Leathanach 111
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí baintreach ann uair agus bhí beirt mac aici. Sagart do b'eadh duine aca agus gréasaidhe do b'eadh an duine eile.Caileadh an gréasaidhe agus táréis sin bhí an mháthair ana bhocht. Ní raibh fhios aici cá raibh an mac eile a bhí 'na shagart mar ná raibh aon slíghe aige chun scríobh.
    Níor d'fhan an bhaintreach i bhfad 'na tigh táréis bás a mic. Thosnuigh sí ag siubhal roimpi ó áit go h-áit. Chaitheadh sí oidhche i dtig cómharsan annso agus annsúd.
    Thárla go dtáinig sí isteach i gcathair beag i bhfad ó bhaile oidhche Satharn. Chuaidh sí isteach i dtigh tábhairne.
    Bhí fear a' tíghe ag cur snas ar a bhróga. Bhí saghas tuairm aige gurab í máthair a' tsagairt í mar chualaidh sé trácht uirthi. Fuaireadh béile ullamh agus dúbhradh léi go bh'féadfadh sí fanamhaint an oidhche sin.
    Dúbhairt fear a' tíghe go raibh sé ag dul ar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Ní Ghairbhíghe
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Ghairbhíghe
    Inscne
    Fireann