Scoil: Scoil N. Íde
- Suíomh:
- Márthain, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Éamonn Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Íde
- XML Leathanach 074
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do chuaidh spailpín ó Pharóiste na Cille ag spailpínteacht síos fén ndúthaig fadó agus do bhíodh sé ag baint prátaí. Do bhíodh cúig phúnt tuillte aige gach bliain.
Nuair a bhí sé ag filleadh abhaile bhuail sagart leis. Do bhí an sagart dhá cheistiú feuchaint cerbé agus cad as é.
"Is dócha" arsa sagart "ná fuil puinn paidreacha siar chun Duibhneach". "Níl morán d'aon nídh siar againn" arsa spailpín "ach tá beagán des na paidreacha againn ach go h-áirithe". Annsan chuir an sagart ceist air agus dúbhairt leis cad é an ainm bhí air Mháthair Dé. "Muire Mhathair" arsa spailpín. "Tá san go maith" arsa sagart. "Tá cúig púint tuillte agam treis an fhóghmhair" arsa spailpín "agus chuirfheadh mar gheall leat iad ná réidhteóir an cheist seo dhom". "Chuirfheadsa cúig phúint leis leat ná(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Mhaeleóin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Clochán Dubh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Maeleóin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Aois
- 52
- Seoladh
- An Clochán Dubh, Co. Chiarraí