Scoil: Scoil N. Íde
- Suíomh:
- Márthain, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Éamonn Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Íde
- XML Leathanach 066
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí beirt thiar i nDún Chaoin fadó. Aon oidhche amháin chuadar ag iasgach. Ní raibh aca taréis na hoidhche acht dhá dheargán. Bhí a gclann sa bhaile agus ní raibh aon nídh lé nithe aca. Núair a thánadar abhaile fúaireadar blúire beag aráin agus dhá bhuidéal uisce. D'imthigheadar leo thar Tráighlí ó thúaidh. Chonnacadar tigín beag lín(???) thúas le hais an chnoic. Chuadar isteach, ní raibh aoinne istig rompa. Ní raibh aon teine aca ach oiread. I lár na hoidhche tháinig cat isteach agus tharraing a eirbeall tríd an lúath. Las an lúath súas agus bhí teine bhreágh ann anois. Leig an bheirt fhear ortha go rabhadar na gcodhladh. Tamall na dhiaidh sin tháinig dhá(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mícheál Bácaoir
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Muiris Mic Gearailt
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 64
- Seoladh
- Cathair Deargáin Theas, Co. Chiarraí