Scoil: Scoil N. Íde
- Suíomh:
- Márthain, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Éamonn Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Íde
- XML Leathanach 047
- XML “Daoine Cáiliúla an Cheantair - Fir Léime”
- XML “Daoine Cáiliúla an Cheantair - Spealadóirí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fear maith léimeadh do b'eadh Marcas ó Bhaile Dháith. Do léim sé capall lá nuair a bhí meitheall ag baint móna i sliabh Bhaile Mhúraig.
Fear maith eile do b'eadh Padruig Ó Laoithe ón gCuimín. Do léim sé geata a bhí hocht troighthe ar aoirde.
Do bhí fear ar an gClochán Dubh fadó dárb ainm Séamus Ó Beóláin. Do léim sé tigh tuighe gan cos ná láimh do bhualadh air.
Ana fhear léime leis do b'eadh Seán Ó Maigamhas (??) ó Leath-taoibh Meadhanach. Do léim sé capall. Spealadóirí.
Spealadóir maith do b'eadh Mícheál Ó h-Uallacháin ó Bhaile Uachtarach (??) . Do bhain sé dhá acra go léir féir i lá . Spealadóir maith do b'eadh Tomás Ó Séaghdha ó Chlaise Bheag agus Seán Ruiséal ó Árd a Mór . Do bhaineadar san dhá acra coirce sa lá. - Spealadóir maith do b'eadh Mícheál Ó h-Uallaiáin ó Bhaile Ióctarach do bhain sé dhá acra go-leith féir i lá. Spealadóir maith do b'eadh Tomás Ó Seaghdha ó Chlaise Bheag agus Seán Ruiséal ó Árd a Mór do bhaineadar san dhá acra coirce sa ló.