Scoil: Scoil N. Íde

Suíomh:
Márthain, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Éamonn Ó Catháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 020

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 020

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Íde
  2. XML Leathanach 020
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí beirt deirfiúracha ann fadó agus do bhíodar ag maireachtáil i dteannta a chéile...

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus do bhí go baodhach beannachtach ag fágaint . An chéad scoile eile rainig do, thárla gurb é scoil go raibh Eoghan ag muineadh . Sheasaimh sé aige béal dorais na scoile. Do tháinig Eoghan anuas chuige nuair a chonnaic sé an buachaill aige'n doras. "Cad as tú , a gharsún" ar seisean . D'fhreagair an garsún agus dúbhairt "andeas ó Dhún na Slód". "A gharsúin deas andeas ó Dhún na Slód, cad fá do theacht in ár measc i nDún na Slód. An b'é bás do dhaid nú lé grádh do bhean chuir tú féin chomh droch ghnóthach". D'fhreagair an garsún "Ní hé bás mo dhaid ná lé grádh do bhean do chuir mé féin chomh droch ghnóthach , ach do chonnaic do chearc dhá phriocadh aige bean is í ag magadh fút sa cheo."
    "Tair isteach a gharsúin" arsa Eoghan. Do d'fhan an garsún ar scoil ar feadh laé agus bliain i dtreo is go n'eosfadh an garsún cé aige go raibh a chearc.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge