Scoil: Scoil N. Íde

Suíomh:
Márthain, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Éamonn Ó Catháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 006

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 006

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Íde
  2. XML Leathanach 006
  3. XML “Eachtra ar Phiaras Feiritéar”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Eachtra ar Phiaras Firtéar
    File maith do bheadh Piaras. Do bhí ana thrácht ar a chuid filidheachta ar fuaid na hÉireann. Do chuaidh a mhór-cháil a gcluasaibh file eile i gCo. an Chláir, agus dubhairt sé leis fhéin go mbaineadh sé amach Piaras agus go mbainfeadh sé bodhta as.
    Seo leis chun siubhail, agus níor stad sé riamh ná choidhche gur bhain sé amach Dún an Fhirtéaraig. Bhuail fear annsan leis mara bhfuil an taoide ag rith suas fiche éigin slat idir dhá thalamh.
    Buaileadh isteach na aigne gurbh é Piaras a bhí ann, agus níor theastuig uaidh é fhéin do chur i n-aithne dho 'dtí go mbainfeadh sé triall as a chuid filidheachta ar dtúis. Do sgaoil sé chuige bhéarsa:
    "Dia is Muire dhuit-se a shár fhir,
    a mhic na máthair súairc"
    "Is an mó galún sáile a gheibheann an áit seo suas"
    D'fhreagair Piaras é ag rádh:
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Dómhnall Ó Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Imileá an Bhóthair, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Uí Shúilleabháin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Imileá an Bhóthair, Co. Chiarraí