Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh

Suíomh:
Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Ní Mhainnín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 597

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 597

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
  2. XML Leathanach 597
  3. XML “Tuilleadh Eolais ar Reiligí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Tá saghas teampall eile istigh i Márthain féin fé bhun Beárna na Gaoithe ach is dócha go bhfuil na seacht seana aoiseanna ó cuireadh éinne annsan. Ac mar sin féin d’aithneochá go raibh sé ‘na roilg tráth. Tá an áit mí-cothromhamhail agus tá crosanna cloch ‘na seasamh ann ach tá sé nós aon páirce anois agus ní deineann daoine aon ath dhe.
    Daoine á gcur i roilgí iasachta
    Is mó duine ó pharróisde Mhárthain a cuirtear i roilgí tamall ó bhaile agus teampall ina bparróisde féin aca. Tá teampall Baile Bhoithín ana chomhgarach de mhuinntir Mhárthain (tá trí cinn de bhailte fé’n ainm ‘Mhárthain’ i bparróisde Mhárthain).
    Cuirtear a lán de mhuinntir Mhárthain i gCeanntrágha.
    Tá an uaig atá annsan cois farrge ar an daibhche, agus tá a lán crosanna tathacháin os cionn na dtuamaí ann.
    Lá Chaitlíne – Lá Naom Caitlín bíonn turas sa teampall so gach aon bhliain. Bíonn lá saoire aca i bparroisde Ceanntragha lá Chaitlíne.
    Deirtear go bhfeiceadh duine éigin sa pharróisde Naomh Caitlín an lá san no go gcuireadh an chéad Phrodastúnach ann. Deirtear go b’eadh tháinig an corp isteach leis an dtaoide agus annsúd é.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
          1. reiligí (~2,501)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Gearailt
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Márthain, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Uí Ghearailt
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Márthain, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Seán Mac Gearailt
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Márthain, Co. Chiarraí