Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Suíomh:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Ní Mhainnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- XML Leathanach 596
- XML “Tuilleadh Eolais ar Reiligí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fanaidhe síos leis toisg í bheith ar thaobh sléibhe.
I gcúinne guirt atá sé ar thalamh mín agus in áit an-uaigneach. Níl aon bhóitrín ag dul ó droicheadh Baile Bhoithín go dtí an teampall ach suas trí ghort a gheibhtear. Tá céimeanna ar an gclaidhe ag dul isteach ann. Tá an áit ‘na tímcheall go lom gan coill gan crann. Tá fó thuama ann nar cuireadh éinne ionnta le sínsearacht. An Raingléis:- Seana theampall é seo a bhí in úsáid fadó ach ní cuimhin le h-éinne a mhaireann sa pharróisde indiú aon chorp a chur ann. Déanamh triantánach atá air agus tá a lán túmaí agus clocha ‘na seasamh ortha ach níl aon uaig ná cros táthacháin ann. Roilg mhór fhairsing do b’ead an Raingléis fadó ach tá bóthar thíos na bhun anois agus a claoidhe atá ar thaobh an bhóthair ta deilbh croise déanta de chloich ann – cuid de’n roilg é seo. Deir daoine go bfuil tuamaí thíos fé’n mbóthar agus is mó áit taobh thoir, tiar, thuas agus thíos do’n roilg a mbuailfeadh uaig leat. Tá an áit seo anois á úsáid ag fear ó Baile Bhoithín (Tomás O Mainín) cuin a chuid stuic a chothú. Mar is leis an talamh agus an áit timcheall air.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Gearailt
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Márthain, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Ghearailt
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Márthain, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Gearailt
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Márthain, Co. Chiarraí