Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Suíomh:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Ní Mhainnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Curtha ós cionn trí chéad bliain. Roilg ceárnach iseadh í agus céimeanna ag dul isteach ínnte.
Tá an talamh tímcheall an teampaill cothrom ach tá an teampall féin an-achrannach. Tá mórán sgeach is fiadhaile ag fás na timcheall.
Sé an chiall go dtugadh teampall Dhún Úrlan ar an dteampall ná go dtug Úrlan Firtéur píosa dá chuid talmhan chun cur leis an roilg nuair a bhí an roilg ag dul i laighead agus go raibh ana chuid daoine curtha ann.
Cealúrach
Tá sean chealúrach i n-aice an Riaisc.
Cealúrach a tugtar ar an áit a cuirtear leanbhaí gan baiste. Ní baintear aon úsáid do’n gcealúrach anois. Tá na ceadhta bliain ó cuireadh aon leanbh ann.
Cíll bheag agus Cíll Mhór
Tá an Chíll bheag agus Cíll Mhór i mBaile Chaladh. Táid gairid do na chéile. Glaodhtar Cíll Mháighread ortha araon. Seana roilgeacha iseadh iad. Tá an talamh mí-chothrom ach tá casán réidh tríthe. Tá(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Budlaeir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Budhlaeir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Slatarha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Cluainte, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Peaid Sheáin Uí Chonchubhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí