Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh

Suíomh:
Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Ní Mhainnín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 591

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 591

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
  2. XML Leathanach 591
  3. XML “Reiligí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Roilgeacha
    Roilg Dhún Úrlain
    Tá roilg Dhún Úrlain i lár pharróiste an Fhirtéuraig. Ar thalamh na nGort nDubh atá sí.
    Do bhí fotharach ann fadó ach níl aon rian do ós cionn talmhan anois. Tá uaigeanna ins an áit go raibh sé. Is i Roilg Dhún Úrlain a cuirtear furmhór de mhuínntir an pharróiste. Do bhí seacht tuama déag le muíntir Chonaill i lár an Teampaill agus níl áitreabh ar aon cheann acu anois. Is go Roilg Bhaile Bhuithín a théigheadh Conallaig Ard na Caithne. Tá inghean ministre Prodastúnaig curtha i Roilg Dhún Úrlain. Deirtear ná raibh aon fhiacal ag teacht dhi, do ghearraigh an ministir a dranndal le súil go ndéanfadh se slighe dos na fiacla, as san cailleadh í. G.G.Gubbins atá scríbhte ar lic na h-uagha. Tá uaig eile ar an dtaobh thuaidh do’n dteampall i n-aice uaig na bhFirtéarach. Rice agus Ferriter agus ainm éigin éile na h-ainmeacha atá scríbhte ós cionn na h-uagha. Tá siad
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
          1. reiligí (~2,501)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Budlaeir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Pádruig Budhlaeir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ó Slatarha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Na Cluainte, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Peaid Sheáin Uí Chonchubhair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí