Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh

Suíomh:
Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Ní Mhainnín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 516

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 516

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
  2. XML Leathanach 516
  3. XML “Scéal - An Tairbhín”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí baintreach bhocht ann fadó agus bhí triúr inghean aici. Ní raibh aon t-slighe bheatha aca ach garraidhe beag talmhan ar a mbíodh stáca eornan gach bliain. Bhuailidís an eorna agus dheinidís arán de.
    An lá fuar geimhridh seo ach go h-áirithe d'fhéach an mháthair amach agus chonnaic sí tairbhín sa gharraidhe ag ithe an staicín eórnan ortha. "Bí amuigh" ar sise leis an inghean ba shine "agus tiomáin amach é sin nó beam gan dada lé n-ithe i g-cómhair na bliana". Chuaidh sí á thiomáint ach ach ní dhein an tairbhin ach adharc a chur fé na crios agus í d'árduch leis thar na cnuic is thar na sléibhte thar na móinteán is thar na réidhe is stad ná staonadh níor dhein ar ao' chor go dtáinig sé go dtí cúirt álainn caithiseach greanta. Bhí caitín thuas sa chúinne ann agus í fé dhraoidheacht. B'í máthair an tairbh í de reir deallraimh agus fear do b'eadh an tairbhín ach draoidheacht a bheith air.
    Seadh d'fiafruig sé di cioca b'feárr lei é bheith ina tharbh ist-oidhche agus na fhear is ló nó na tharbh is ló agus i n-fear ist-oidhche. Dubhairt sé go mbfearr lé é bheith na tharbh sa ló.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0511: One‑Eye, Two‑Eyes, Three‑Eyes
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Ghearailt
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Márthain, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Uí Ghearailt
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Márthain, Co. Chiarraí