Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh

Suíomh:
Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Ní Mhainnín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 475

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 475

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
  2. XML Leathanach 475
  3. XML “Galair ar Ainmhithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Galair ar Ainmhidhthe.

    Beithidhig:
    Teine Dhia:
    Comharthaí: Gearb a thagann ar aghaidh an bheithidhig. Deineann leac do'n gearb agus bíonn an croiceann gairgrithe.
    Leigheas: Sé an leigheas atá air ná an chloch ghorm a leigheadh agus aghaidh an bheithidhig a nighe leis an uisce. Bíonn an galar so díoghbhálach uaireannta.
    Galar Cam:
    Comharthaí : Is amhlaidh a bhíonn ná an beithidheach ag imtheacht ar leith a cliatháin agus ag casadh timcheall. Clog uisce a bhíonn san inchinn.
    Leigheas: Sé an leigheas a bhíonn annso ar an ngalar cam ná poll a dhéanamh san áit gur dóigh le duine go bhfuil an clog agus an t-uisge a scaoileadh amach.
    Faithiní:
    Comharthaí: Cnopáin bheaga cruadha a thagann chabhail agus ar chosa an bheithidhig.
    Leigheas: An leigheas céadna is atá ar an dTeine Dhia. Ní'l an galar so ró dhíoghbhálach.

    An Bhó:
    Briunne Dhearg:
    Comharthaí: Bíonn sí ar bheagán bualtaig agus uisce fola aici agus í an-chruaidh 'na cliabhlach.
    Leigheas: Sé an leigheas a bhíonn aca annso ar an ngalar so ná sgeach gheal a bheirbhiú in
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. riar ainmhithe (~2,587)
            1. leigheasanna ar ghalair ar ainmhithe (~175)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Chatháin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ó Slatartha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    Na Cluainte, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Peaid Sheáin Ui Chonchubhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí