Scoil: Baile 'n Fhirtéaraigh (B.) (uimhir rolla 10755)
- Suíomh:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Michael Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Scéalta Grinn.
Bhí sluag saighdiúir ag cainnt lé chéile lá mar gheall ar na gníomhartha gaisceamhla a dheineadar sa chogadh. Bhí amadán na measc agus ar seisean ós árd. "Éistig leis an gníomh a dheineas-sa chath". Bhíos ag siúbhal trí pháirc an bhuailte nuair a chonnac duine dem namhad. Rugas ar mo chlaidheamh agus bhaineas an cos de. "Cad na thaobh nár bhainis an ceann de? arsa duine eile. "Ní fheadfhainn é" ar seisean mar bhí an ceann bainte dho cheana.(ii) Bhí fear ann fadó agus bhí cailín aimsire aige. Aon lá amháin dúbhairt sé go gcaithfheadh sé dul ar an aonach. Do bhí an aimsir fuar, fliuch, agus bhí na bóithre(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Mainín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Éanaigh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Mainín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Éanaigh, Co. Chiarraí