Scoil: Baile 'n Fhirtéaraigh (B.) (uimhir rolla 10755)
- Suíomh:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Michael Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ní bhíonn lucht siúbhail ag teacht chómh minic anois agus a léidís fadó. Bhíodh morán dreamana ag imtheacht tímcheall in éinfheacht fadó, ach nuair a thagaid anois ní bhíonn acht duine nú beirt ann acht fo-uair a chídhfeá cairt aca. Seo cuid de' s na h-ainmheacha a thugadh na sean-daoine fadó ortha. "Seamus na mBioráin" glaodhtaí an ainm sin air toisg go mbíodh bioráin á dhíol aige. An "Balcaire" fear eile agus fear mor reamhar teagartha dobeadh é agus fear ana mhalluighthe. Chómhnúigheadh sé seo go minic i dtig Sheáin Uí Mhainín agus i dtig Sheáin a Ghabha nú Seán Ó Guithín agus bhíodh ana chuileachta ag muintir an baile air. Paddy Na Gáiridhe fear eile. Bíonn sé seo ag imtheacht(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán Ó Mainín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Éanaigh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Mainín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Éanaigh, Co. Chiarraí