Scoil: Baile 'n Fhirtéaraigh (B.) (uimhir rolla 10755)

Suíomh:
Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Michael Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 338

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 338

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile 'n Fhirtéaraigh (B.)
  2. XML Leathanach 338
  3. XML “Nósa Oíche Shamhna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nósa oidhche Shamhna.
    Is iad na nósa chéadna a chleachtuigheadh na daoine fadó oidhche Shamhna agus a chleachtid anois. Acht má seadh, bhiodh críona agus óg á gcleachtadh. Ní mar sin atá an sgéal anois ní bhíonn acht an t-aos óg á gcleachtadh. Bhíodh ana spórt ag na daoine fadó oidhche Shamhna. Bhiodh tig áirithe sa bhaile ceapaithe ag an ndream óg agus críona i gcóir oidhche Shamhna. Bhíodh seana-mhná, mná óga, sean daoine, agus daoine óga bailithe ag an dtig seo.
    Lé tuiteam na h-oidhche iseadh a thagaidís go dtí an dtig. Thugadh gach aoinne ubhalla leis, agus an té go mbíodh aon bhun cóir air thugadh sé breis leis. Bhí giúis ana fhluirseach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Oíche Shamhna (~934)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás O Loinghsigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Riasc, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Mainín
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Riasc, Co. Chiarraí