Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Locha

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 206

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Tá trí loch i gCíll Áirne agus deirtear go bhfuil port mór istig na lár agus go siubhluigheann ceann aca uair san mblian. An port bacach a thugtar air.
Fadó san t-seana shaoghal do bhí bean saighdiúra ag nígheachán san loch. Do bhuail ar na héadaighe ar an bportsa. Taréis tamall do thóg sé a cheann agus iseadh a bhí an port beag ag imeacht ar fuaid na h-áite agus na héadaí anáirde air. Do scannraidh an bhean bhocht agus di rith sí abhaile. Do bhí a fear istig roimpi .i. an saighdiúir d' innis sí an sgéal do. Chuaidh sé ag feachaint ar an bport agus do chuir sé trí phileár ann. Deirtear go bhfuil sí bacach riamh ó shoin. Deirtear nach sheól aon bád riamh uirthi mar go bhfuil sí fé draoidheacht agus gur daoine atá fé

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire Ní Ghuithín
Inscne
baineann
Teanga
Gaeilge
Suíomh
An Blascaod Mór