Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 193

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 193

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bloscaod Mór
  2. XML Leathanach 193
  3. XML “Cailleach agus Beirt Gharsún Agus Baintreach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí baintreach ann fadó is cailleadh a fear. Ní raibh aici acht beirt. Aon lá amháin dúbairt an bheirt gharsún le na máthair go gcaithfidís imtheacht as an dtig is dul ag lorg a gcuid oibre. Bhí an mháthair ana uaigneach annsan, nídh nach iongnadh. Dhein sí suas lón dóibh, is buidéal bainne i gcóir an bhóthair. Nuair a bhuail sean-duine leóbhtha, d'fiafruig sé cá raibh a dtriall agus dúbradar go rabhadar ag lorg oibre. "Ní fada uaibh" ar seisean "tig seana chailleach go bhfuil talamh aici. Ní fhanann aoinne aicí mar marbhuigheann sí gach duine a théigheann cúici , is cóireóchaidh sí leaba bhreágh codlata díbh. Nuair a raghaidh sibh isteach sa leabaidh ní fada a bheidh sibh búr gcodladh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig Ó Ceárna
    Inscne
    Fireann