Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 179

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 179

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bloscaod Mór
  2. XML Leathanach 179
  3. XML “Murúcha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí fear ann fadó. Lá amháin chuaidh sé ar an dtráig. Do chonnaic sé bean áluinn na suidhe ar chloch agus leath di na h-iasg is leath di na duine agus gruaig bhuidhe shíos go leath a droma uirthi. Ar an dtaobh shiar di do bhí brat áluinn. Do chuimhnig sé air é a ghuid uaithe. Do ghuid sé é agus do bhailibh sé leis a bhaile. Do chaith sí é a leanamhaint abhaile. Tarrís tamaill do phós sí é. Do bhí ceathrar cloinne aca. Lá amháin do chuaidh sé isteach na chófra ag feachaint ar an mbrat agus níor chuimhnig sé riamh air é a dhúnadh na diaidh. Do chuaidh an bhean isteach sa seómra na dhiaidh agus cad do cídhfeadh sí ach a brat féin. Do rug sí air agus í ag
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge