Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 175
- XML “Pósadh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sé an chumadh a pósaidís annseo fadó ná théigeadh duine ón tig i aoinfeacht leis an bhfhear óg ag deanamh an chleamhnais go tig na mná, b'eó leó ag rígh-radh go dtí go mbeadh an cleamhnas deanta.
Théighidís amach ar dtúis ag triall ar an mboileóig (?) go dtí an sagart parróiste. Cuireadh san 'on Daingean iad chun a chúra ... (?) a deanamh croinn. Nuair a faghaidís í, thugaidís leó lón & cóir pósta. Tugaidís an oidhche sin thíos sa Daingean. Muinntir an dá tighe a bhíodh ann um an dtaca seo.
Ar maidin thugaidís leó seacht bairrle pórtair maidir lé arán bán & im, té, siúcre níor bhféidir trácht air. Chuiridís dá chapaill cairte mór tímcheall Cinn Sléibhe leis an lón. Gabhaidís féin leastuaidh tuaidh chun an t-sagairt. Bíodh ceól & amhrain aca i rith an bhóthair(leanann ar an chéad leathanach eile)