Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)báid leó gur raibh cead ag na Catoilicig Aifreann d'éisteach níos mó, mar go raibh Rí nuadh i gcróinn i Sasana agus go raibh stop curtha leis an drochdhlíghe. Do chaitheadar iad féin ar a nglúnaibh ag tabhairt buidheachais do Dhia agus iad do thabhairt saor so.
Seo í an phaidir a dúbhadar sar a n'imthigheadar as an Oileán:—
"A Athair mhic do thalmhuig grian agus muir
Bhí sa Sasanaig in earraid linn lé fada go dtí indiú
Do sgaoilis eadrainn do bheannacht is go bhfanadh sí againn
Is gur lé taithneamh dúinn do scara[is] sinn ós na Sasanaig dubh."
Sin í an phaidir do bhí aca dhá afráil suas chuin Dé na Glóire i dtaobh iad do thabhairt saor. D'imthigeadar leó i bhaile agus tá Aifreann dá rádh riamh ó shoin.- Bailitheoir
- Máire Ní Guithín
- Inscne
- Baineann