Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)phreab fear an tSasanaig suas agus dúbhairt go mbeadh fhios aige féin cad a bhí ann. I ndul i méid a bhí an glór i gcómhnuide. D'imtigh an fear amach ach ní túisge amuig é ná tuigeadh dhóibh gur thuit an cuas síos. D eirigeadar agus chuadar amach ach ní bhfuaireadar tásc ná tuairisg air ó shoin agus ní raibh an cuas tuitighthe ach an oiread.
Tháinig ana scannradh ortha i dtaobh ná fuaireadar beó ná marbh é. Dúbhairt an sagart gur míorbhúilt é, ach gur dócha ná raibh sé ag imteacht i gceart. Lé línn dóibh feachaint amach iseadh a chonnacadar an bád a chuir siar san Oileán iadh an chead uair iad ag teacht chúcha.
"Seadh," ar siad lé chéile, "tá bogadh éigint ar an saoghal agus an bád do bheith ag teacht. Do tháinig an bád fé na ndéin agus dúbhairt criú an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Guithín
- Inscne
- Baineann