Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 160

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 160

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bloscaod Mór
  2. XML Leathanach 160
  3. XML “Na Tiarnaí Talún i mBaile an Fheirtéaraigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    comhlaí do's na dóirse agus ní raibh aon rud lé deanamh ar an dtighearna ná ag na pílars mar bhí na daoine féin imthighthe as na tighthe agus níor bh'féidir leó iad do chuir as seilbh. Taréis tamaill eile do tháinig sgeal chúcha go rabhadar ag teacht aríst. Do bhí fear na chómhnuidhe ar na Gortadúbha go raibh ana mhisneach aige. Do bé an ainm a bhí air ná Captain Martin.
    Do chuir sé sgeala go dtís na daoine, an áirighthe sin fear do theacht ó gach parróiste agus píce dhá bheann do thabhairt leó mar ghléas airm. An tráthnóna roimh teacht an tSiriam agus captaen na pílars .i. Bobin Grey do tháinig na daoine lé chéile agus thugadar leó ranna, piocoidí sluaiste, agus do ghearradar trinnsí ar gach taobh do's na bóithre
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Guithín
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Gobnait Ní Ghuithín
    Inscne
    Baineann