Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
An Bloscaod Mór | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 130

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

cumhlach Thuaidh ná go raibh bailighthe, spealla agus pící an gleás cogaidh a bhí aca an uair sin. Fógruigheadh ná gardaí agus na báillí a theact.

Do bhuail an sagart a stól air a mhuinéal agus leabhar na láimh agus d’iarr sé ar na daoine iad a leanmhaint. Siúd leis feín agus an captain. Do lean na daoine iad ollamh chun báis. Nuair a tháinig an dá dhream ar a chéile ‘Fix bayonets’ arsa captain an airm. Bhuail gach duine a ‘bayonet’ i mbárr a ghuna ollamh chun catha. ‘Fix pikes’ arsa captain Máirtín. Le na linn sin, do preab an sagart amach agus bratach bán na láimh chun síothchána. Dheineadar í leis, mar a mbeadh san bheadh corpáin i bparróiste an Feirtéirig an lá úd.

Teanga
Gaeilge