Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Stair na hÁite ag Baint le Cogadh

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 129

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Tamall fada ó shoin bhí fear ó bhaile an Fhéirtéirig á chur amach as a chuid talmhan tuisg nár dhíol sé an cíos. Aimsir an Land League a b’eadh é. Do bhí na daoine curtha suas gan aoinne a léigeant as a gchuid talmhan. Bhí an sagart ar a d’taobh. D’iarr sé ar na daoine chur na gcoinnibh agus go gcabhróchadh sé féin leó. Bhí captain eile ar an Land League air a nglaodhtaí captain Máirtín.

Bhí sé seo leis ar a thaobh gan an cíos a dhíol. Bhí sé seo fé thiagharnaí Shasana. Do tháinig an lá gur tháinig na báillí agus na gárdaí. Ní raibh fear ó Cheann Sléibhe go Baile na hAbha na

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Teanga
Gaeilge