Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Caitheamh Aimsire

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 126

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Slingeanna nú súilíní. Sé an rud sling ná píosa de shreanng iarainn lag. Cúpla cor dí a chasadh le chéile, cúpla uair, cuma cruinn uirthi agus ní ghádh duit acht í a tharrac’ agus bhéarfhadh sí greim dhainghean ar cheann an choinnín. Cuirtear píosa cóirdín agus staic as chun é a choimeád san talamh. Seadh thairaigeann an coinnín a cheann amach as an súil agus sa tarrac do ritheann an snaidhim agus tachtar é.

(saighead) Síoda Is boghadh. Sé an saigheas cuma atá ar seo ná leath na gealaighe. Bíonn sé déantha de thughe láidir, cóirdín treasna fé bhior de adhmad de dhéanamh na pínn luaidhe agus biorán na bhárr. Do mharbhuidís eanluighthe leó.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Teanga
Gaeilge