Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Ádh nó Mí-Ádh le Laethanta faoi Leith

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 124

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Ádh nú mí ádh le laetheannta fé leith.

Siad na laetheannta atá coisghithe annseo ná Dé Luain. Deirtear nár cheart duit aistriú Dé Luain. Deirtear nár cheart duit do ghruaig a bhearradh na caoire Dé Luain mar tugtar "lomadh an luain" air agus nil sé ceart. Deirtear go bhfuil sé ana mhí raitheamhail ar fad "buile luath an luain agus buile déannach an t-Sathrain ". Deirtear ná rabhadar reatheamhail riamh. "Aistriú an luain ní bhíonn sé buan."
Déadaoin agus Dé Céadaoin: Deirtear ná bíodh sé rathamhail a bheith ag deilbh plainnín an dá lá seo. Sé an rud a deiridís fadó-- "ag deilbh indiu is ar an marbh a raghaidh". Ní phósfhadh aon t-sagart aon lamhnuadh an lá seo. Siad na laetheannta reatheamail

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Teanga
Gaeilge