Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 121

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 121

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bloscaod Mór
  2. XML Leathanach 121
  3. XML “An Reilig”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl acht aon reilig amháin san áit seo ar a nglaodhthar reilig Rinn an chaisleáin. Deir chuid des na daoine go bhfhuil sí coisrighthe. Tá sgata uaigeacha ann. Clocha móra glasa as a gcionn agus cupóga, leanntóga, bláthanna agus fear glas ag fás as a chionn.
    Is innte a chuirtear na leanbhaí beaga a cailltear annseo. Cuirtear na leanbhaí gan baiste innte chómh maith. Tá bean uasal a fuaireadh ar an bhfarraige fadó lán do órnáidí agus do rudaí luachmhara churtha san reilig seo. Tháinig a muinntir féin chun í a thógaint leó agus í a chur in áit éigin eile. Nuair a chonnacadar í fé na chuid órnáidí d'fágadar ann í. Ní cuirtear aon daoin[e] móra innte anois ach leanbhaí.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
          1. reiligí (~2,501)
    Teanga
    Gaeilge