Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Ainmhithe Allta

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 105

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Ainmhidhthe Allta.

Níl aon ainmhidhthe fiadhain san áit seo
acht amháin na cait. Chun a gceart féin
a thabhairt dóibh ní dheineann siad aon
díoghbháil ná ní cuireann siad isteach ná
amach ar na daoine.
An Rón: Marbhuightear an rón. Cuirtear
ag beirú é. Baintear oíle as. Tá cáil
ana maith chun pianta cnamha agus dóg ar an oíle.
Frog: Deirtear dá mbainfá trí sgréach
as seo led fiacla go mbeidh leigheas ar
tinneas fiacaile go ceann seacht mbliadhna agat.
Siad na hainmhidhthe ba mhó a bhíodh
á marbhú annso fadó ná coinníni.
Do marbhuighthí na mílte aca. Do díoltaí
a gcraiceann. Chuaidh cait sa cnoic agus d’imtig

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Teanga
Gaeilge