Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
An Bloscaod Mór | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 103

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Caithtear í seo in anóir do Naomh Padruig. Maidean an láe seo, do ciofá idir óg agus aosta amuic ins na páirceanna ag priucadh as an dtalamh ar ar a ndicheall. Do cídfá na seandaone chómh priucaighthe ag dul go dtí an afrionn (?) agus sé nó seacht do sheamróga i dtaobh a hataí. An té a ghaibheann seamróg na gceithre cluas bíonn an t-ádh leis, nú an mí-rath air.

Nuair a bhí Pádhruig Naomhtha ag múineadh an creidimh do trúir inghean páanach, ní chreidfídís in aon chor go raibh trí pearseanna in Dia. Do chrom Pádruig a cheann agus le na linn sin fhuair sé an t-seamróg

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Teanga
Gaeilge