Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 102

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 102

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bloscaod Mór
  2. XML Leathanach 102
  3. XML “Lá Bealtaine”
  4. XML “Pailm”
  5. XML “Cros Phádraig”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    heireóchadh sé. Bhíodh sé ráidhthe go mbíodh púcaí agus sprideanna ag imhtheacht an lá seo. Ní leighfheadh cuid des na daoine spré theineadh a thabhairt amach thar doras an láe san. Ní d'aduighidís an teineadh go meadhon láe. Chuiridís na ba isteach tríd an doras thiar agus amach tríd an dorus amuigh chun iad a d'ádhúghadh i rith na bliadhna.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Pailm
    Beannuightear í seo Domhnach na Pailme. Ceangluigheann na mná iad i na ngúnaí agus cuirid isteach i mbun fáthmach a ngunaí iad. Cuireann na seandaonne i bpócaí a mbrístí agus na hataí í. An té go mbíonn sí seo 'a chaitheamh aige, bíonn an t-olc i bhfad uaidh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.