Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)pósadh. Bhí san go maith is ní raibh go holc. Do chuaidh an garsún isteach san t-seómradh agus nuair a bhí sé timcheall a deich a clog istoidhche, tháinig an inghean ba chríne chuige agus dubhairt leis an raibh tart air.
"Tá go fíor," arsa an garsún.
Do shín sí chuige cupán de dheóch ioldathach. Tháinig dúil aige ann agus thóg sé an cupán agus d'ól sé a sháith.
Le na linn sin tháinig trom chodla ar an ngarsún. Ní mhúsgail sé go dtí maidean. Tháinig an rí. Bhuail sé a lámh ar a ghualainn agus dúbhairt sé, "Anois a fhir mhaith innis dom do chúntas tríd is tríd."
Ní raibh faic le rádh aige. Thóg an rí leis é agus chuir chun báis é. Chuir sé buachaill eile inna áit agus é fé sna geasa céadna. Do dhéin an inghean críonadh an rud ceadhna leis. Tháinig an rí ar maidin agus chuir chun báis é. An tríomhad oidhche d'imthig an(leanann ar an chéad leathanach eile)