Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)shoir, agus shiar. Nuair a chualaidh sé cad a imhthig air ba ghóbair nár imthig sé as a mheabhair. Théigheadh sé ar bhruach na habhann seo gach uile lá ag gol go fuidheach. Gach dara mí d'eireigheadh an breac grándha seo agus chuireadh sé farraige as cionn an tighe bhig a bhí ar bhruach na habhann agus é i reachtaibh é a slogadh leis shiar na ghoile.
Cuireadh gairm amach annsan go gcaithfheadh caillín éigin teacht agus dul sa tig bheag úd agus guthaí an ainmhidhe a thabhairt fé ndeara. Do bhí leas mháthair agus a hinghean dó deag bliadhanna na gcómhnuidhe i mbaile beag. Do bhí gach aoinne á rádh go níosfhadh an tainmhidhe sin an té a raigheadh san tig. Bé siúd buacas na leasmhátharach mar bhí fuath an oilc na chroidhe dí. Dubhairt sí léi bailiú léi agus dul san tig. Do thosaig an caillín bócht ag gal go fuidheach agus í go briste(leanann ar an chéad leathanach eile)