Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Chuireadh chun búird é, tugadh biadh, deoch, ceól, rinnce gach saigheas soilt do.
I ndeireadh an láe dúbhair[t] an spéir bhean leis an óganach í a phósadh. Dúbhairt sé go dána ná déanfhadh dá mbeadh a compórd seacht n-uaire ní ba bh'feárr ná mar a bhí sé. Tháinig buile feirge ar an seana bhean a bhí gan focal i rith an láe agus dúbhairt, "Ní geobair bás go mbeir seacht slata mar feitheidh[e?] fharraige." Do sheóladar abhaile é agus ar dhul treasna na h-abhann, ar aon pléasg amháin thóg sí leis é agus ní bhfhuaireadar a thuairisg go tamall maith na dhiaidh sin. Bhí an fathach chríonadh ag imtheach[t] le buileadh agus báiní.
Do chuaidh sé ar fuaid na mbailteacha ag búirig is ag imthea[cht] as a mheabhair ag lorg a mhic. Sa deireadh tháinig sé go dtí an tig seo agus d'innseadar an sgéal do shíos, shuas(leanann ar an chéad leathanach eile)