Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 086
- XML “Scéal Fathaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bochtha seo acht an biadh ba mheasa le h-itheadh, crústaí chruaidh aráin agus deoch uisge. Is minic a chaoin na caillíni a máthairin dhilís féin.
Lá amháin fuaireadar buirdeóg, líonadar suas le biadh é agus bhuaileadar an bóthar fada chun a bhfortún d'fághailt. Bhíodh oidhche annso aca agus eadartha annsúd. Lá amháin agus an oidhche ag tuiteam, na gadhair ag amhastraig ar an ngealaig, na láireacha ag dul ag sgáth na cuipóige, i bhfad ó bhaile chonnacadar solus. Dheineadar fé na dhéin. Bhaineadar amach é ar gheala an láe. Cad a bhí ná caisleán beag ag baint le fathach éigin is gan tig ná daoine na thimcheall.
D'osgluidear an dorus agus seo léo isteach ceann ar aghaidh. Do shuidheadar do ollmhuigheadar béile dóibh féin de gach saigheas bhídh. Do chuireadar gach nidhe na(leanann ar an chéad leathanach eile)