Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 073
- XML “Na Tiarnaí Talún”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)thagad droch obair as. Thagadh muintir na gcomharsa le chéile. Deinidís troid agus bualadh agus marbhú. Is minic a bhíodh báile maith sínte dá dheasgaibh agus gan chos ná lámh a choruidhe.Duine eile b'fhéidir agus speal nó corán ceangailte go doimhin i dtaobh a chínn. "Agent" an tighearna talmhan b'fhéidir buile do bata faita [?] i dtreó na loirgeán aige agus í deanta dubh ó bhárr go bun. Is minic a imthigidís agus seana bhlas ar a gcosa acu. Is minic a deireadh na seana mhná go mbíodh a gcroidhe chomh dubh leis an adharta na gcoinne bheiridís ar lán an aprúin do chlócha agus chaithidís leó iad. Idir gach dara cloch do scartaidís agus deiridis "nár leigeadh Dia ait dúinn sibh" [?] nó "droch eríc go raibh oraibh" cuid eile des na mná ag imtheacht ag(leanann ar an chéad leathanach eile)