Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)báidhte.Bó Sídhe. I gCathair an Treanntaig theas i bparróiste fhionn trágha, tháinig bó sidhe on bhfarraige. Thug sí trí bliadhna ag feirmeóir ann. I gcionn na tríomhadh blian nuair a bhí sí chun imtheacht do dhéin sí trí géim agus do lean trí cinn de bheithidig léi féin í. D'imthigheadar an chuan amach, ní feachaidh aoinne ó shoin í.Capall farraige. Bhí Padráig Ó Fiannachta, ar an gceathreamhain na sheasamh ar an áth-ruadh trathnónna breág shamhraidh, lag-trágha a bhí ann. Do chonnaic sé chuige a dtuaidh ar an bhfarraige trí cinn de chapaill ghlasa, marcaig ar gach ceann aca. Iad ag cur sáile san áir agus bhuaileadar liúir ó dheas as cómhair a shúl. Bhí trúir ban ag baint bháirnach i bParóiste Fionn Trágha san am chéadhna agus tháinig ualaighe móra(leanann ar an chéad leathanach eile)