Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Féilí na Bliana

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 036

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Féilí na Bliadhna.

Féile na Nodhlag:
Tagann an féile seo i lár an gheimhridh. Criochnuigheann sí an bhliadhain go h-aoibhinn dúinn. Fadó san t-seana saoghal, théigheadh agus téigheann na daoine fós, ag triall ar giúirléidí beaga chun an nodhlaig a onórú. Siad séo a thugadh siad leó fadó:-- plúr, té, siúcre, feóil, sin eile. Bhíodh a gcuir ime féin aca. Ní raibh subh ná cuiríní ná arán milis an uair sin. Dá gcidhfá an sgóp a bhíodh ortha chun na té agus chun an aráin plúir. Sé an biadh a bhíodh aca i rith na seachtmhaine na prátaí, leite bhuidhe agus béilí falláine ón dtráig, báirnig , dileasg, slaidí.
Eanair:
Nodhlaig na mban:
Baineann sé seo leis an Nodlaig. Do cloisfeá i mbéal na leanbh

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Teanga
Gaeilge