Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
An Bloscaod Mór | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 033

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

Siad díoth i diaidh na h-oibre. Ní ceart do aoinne imhtheacht ón tobar seo gan sintiús beag éigin a d'fhágaint na diaidh. Mar a mbeadh pingin agat déanfadh an rud is lúghadh air domhan tú i sgáthóg d'od shéal.

Tá an tobar seo air an dtaobh thoir d'on diangean. Bíonn a lán daoine ag tabhairt turais timcheall an tabair seo chun leigheas a fhághailt air galraí áirighthe ar clos dom go mbíonn na daoine buidheach go maith do.

Tógann sé seo lá san Sheáin. Cloistí cluig ag bualadh annso fadó nuair a bhíodh na daoine ag tabhairt an turais. Lá amháin bhí breandán ag léigheamh aifrinn. Do dhéin sé dearmad air a leabhar ar an

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Teanga
Gaeilge