Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
An Bloscaod Mór | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 031

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bhí fear na chómhnuidhe i bparróiste Fionntráighe i mbaile an t-sléibhe. Níor ghéill sé riamh don lá. Do cheap sé ná raibh ann acht ráiméis. Thosaig sé air a chuid féir agus a stácaí a leagadh chun go leigfheadh sé an ghrian agus an triomacht tríotha. Ní raibh acht an stáca deanach críochnuighthe aige. Lá aoibhinn áluinn a b'eadh é ná raibh puth gaoithe san spéir. Tháinig aon feóthan amháin gaoithe agus d'árduig sé leis na stácaí agus sgaip ar fuaid an pharróiste iad agus a bhformhór amach san chuan.

Bhí sé ráidthe go raibh caitlín le feisgine

(leanann ar an chéad leathanach eile)