Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
An Bloscaod Mór | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 027

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

An Coileach.
Bhí corcán de choilig ag beirbhiú aige sna Iúdaig agus siúd leó ag cainnt. Sa cainnt dóibh dúbharadar "Tá Íosa curtha anois againn agus ní eireóchaidh sé acht an oiread leis an gcoileach is sia síos san chorcán seo".
Le na linn sin d'eirig an choilleach a bhí iníochtar agus ghlaoidh amach agus dúbhairt "Mac na h-Óighe slán" dá uair dhéag gan stad. Ó shoin a leith chloisfá na seana mhná ag rádh "Mac na h-Óighe slán" nuair a ghlaoidheann an choilleach.

(ar lean ón leathanach roimhe)

an lá bhi Íosa air chrann na croise thá'nig sí agus chuaidh sí ag glanadh na fola do. Leig sé braon dá chuid fola uirthi chun A bhuidheachas a chur i núil don tsaoghal.