Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
An Bloscaod Mór | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 026

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

agus dubhairt.
"Mo ghriadhin tú cá bhfuil t-athair?".
Chualaidh an sagart e agus ba d'óbair go mbrisfheadh sé a chroidhe ag gáirídhe.

An t-Uan.

Lá amháin bhí Muire bheannuighthe ag taisteal le na Mac air a baclainn. Sa taisteal dóibh chonnaic sí cúichi sluagh de fearaibh agus cuma fhiadhain ortha. Chuir sí an leanbh isteach i mbun a gúna. Nuair a tháinig an sluagh shuas chuicí, do labharadar
"Cad atá annsan agat".
"Uan Óg" a dúbhairt Muire.
"Osgail do guna" a dúbharadar
D'osgail agus bhí an leanbh Íosa iompuighthe ina uan. Shábhail san Muire agus an leanbh. Deirtear gur b'é sin an chead míorbhúilt a connaic Muire.

Teanga
Gaeilge