Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 019
- XML “Éadaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Éadaighe. Fadó riamh thagad a lán táilliúirí annso isteach. Seo chuid aca. Domhnall Ó Laoghaire, Padráig Ó Seannmláin agus tailliúir Seáin Mhicil. Bhíodh píosaí mór plainínn agus bhréidin rómpa. Shocruighthí bóirdín do'n dtáilliúir i naice an dorais. Is minic gur b'é comhala an dorais an bórd a bhíodh aca agus shuidheadh sé anáirde uirthi agus a dhá chois casta air a chéile. Deireadh bean an tighe ag casadh suas a duain.
"Ní le táilliuir do b'fheárr liom ceangalt i dtúis mo saoghail,
Mar is ró ólc an taca é, baint phortaigh ná ag rómhar clais chré,
acht suidhthe i mbun doiris ar chur bailcaisí i dtiúinn do'n tsaoghal,
Is a bótháin go h-aindis gan fasgadh gan díon on mbraon."(leanann ar an chéad leathanach eile)